17 Aoine & 18 Satharn SAMHAIN ar 8.00
Dún na mBan Trí Thine le hÉilís Ní Dhuibhne
Stiúrthóirí: Anne McCabe agus Marianne Kennedy
arna Léiriú ag AN TAIBHDHEARC i Halla na Feothanaí
https://antaibhdhearc.ticketsolve.com/shows/873574331/events/128425684
Ticéadaí ar fáil ón dTaibhdhearc 091-562024 / 091-563600
Cliar: Linda Bhreathnach, Máire Ní Mháille, Eoin Geoghegan, Tara Breathnach, Yvonne Ní Laife, Catherine Denning.
Éilís Ní Dhuibhne
Úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir is ea Ní Dhuibhne. Tá gradaim iomadúla buaite aici dá chuid saothar i nGaeilge agus i mBéarla, ina measc ainmniúcháin ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin agus The Orange Prize for Fiction.
Le cliar agus foireann ban don chuid is mó, is comhoibriú atá sa léiriú seo idir Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, agus Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú, OEGaillimh.
Seo dráma faoi choimhlint mná atá ag tógáil clainne agus í ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ina cuid oibre féin mar ealaíontóir ag an am céanna. Mar a deir stiúrthóir an dráma Anne McCabe, ‘Is iomaí dúshlán atá le sárú againn go háirithe mar mhná atá ag obair sna healaíona, le chuile rud a láimhseáil go cothrom idir freagrachtaí teaghlaigh agus obair chruthaitheach. Seo scéal a bhaineann le chuile duine.’
Deir Marianne Kennedy, comhstiúrthóir an dráma: ‘Tá sé rí-thabhachtach go bhfeicfí drámaí comhaimseartha Gaeilge ar stáitsí idirnáisiúnta agus tá an deis seo againn i Halla na Feothanaí. Tá an dráma seo ‘Dún na mBan Trí Thine’ lárnach i gcanóin litríochta fheimineach na tíre seo, agus cuireann an léiriú seo an teachtaireacht shoiléir in iúl cé chomh riachtanach agus atá sé go mbeadh drámaíocht Ghaeilge ar stáitse.
Tá an príomhcharactar Léiní ag streachailt sa bhaile agus is crá croí iad na mná ón lios agus iad ag caitheamh maslaí léi agus ag déanamh ceap magaidh dí. Gan trácht ar thaibhse Mhamó a cheapann gurb é tobar na heagna maidir le tógáil clainne í… An éireoidh le Léiní nó an gcuirfear soir í?
Beidh sárfhoireann aisteoirí ar an ardán: Linda Bhreathnach, (a bhfuil go leor duaiseanna bainte aici don scannán ‘Adulting’), Máire Ní Mháille, Tara Breathnach, (A Nightingale Calling), Yvonne Laife agus Catherine Denning.
Is í an dearthóir seit Tríona Lillis (a bhfuil cáil an Tweed Project uirthi), an dearthóir cultacha Chérie White (Macnas), agus an bainisteoir stáitse Rae Penelope Visser, (Fíbín).