Mar chuid de Fhéile Drámaíochta Chorca Dhuibhne a bheidh ag tosú ar an bhFeothanaigh an Aoine seo chugainn, 7 Aibreán, ar 8.00, beidh an dráma le hAisteoirí Bhréanainn, ‘Tarlóidh Gadaíocht’.
Gearr dhráma greannmhar le Frank Law an dráma seo.
Foireann an dráma, ‘Tarlóidh Gadaíocht’ le hAisteoirí Bhréanainn.
Ar cúl: Páidí Mharthain Mac Gearailt, Mícheál Ó Coileáin, Lúsaí Uí Bheaglaoich, Edward Hutchinson, Aindí Ó Néill, Tomás Ó hIceadha (léiritheoir);
chun tosaigh: Cristín de Mórdha, Céití Lís Ní Bheaglaoich, Mícheál ó Cinnéide.
Beidh an dara dráma ar siúl ag Aisteoirí Bhréanainn an oíche chéanna, is é sin ‘Píob fés an Bántaibh’ le T. C.Murray.
Dráma mistéireach, draíochtúil é seo.

Foireann an dráma ‘Píob fés na Bántaibh’ le T. C. Murray.
Ar chlé: Tomás Ó hIceadha (léiritheoir), Pádraig Ó hAinifín, Risteard Mac Eoin, Máire Uí Bheaglaoich, Ciara Ní Shé. In easnamh tá Noelí Ó Maoileoin.